Scoileanna

Beidh Rith 2016 ar siúl le linn Sheachtain na Gaeilge, ón 4-14 Márta. Iompróidh suas le 50,000 duine an baitín sealaíochta 1,000 km ó Chill Droichead, Co. Chill Dara, timpeall na tíre go gcríochnóidh sé i mBaile Atha Cliath 11 lá ina dhiaidh sin, agus tá deiseanna iontacha ann do scoileanna páirt a ghlacadh sa cheiliúradh seo ar theanga agus chultúr na Gaeilge – bíodh an scoil suite ar an gcúrsa nó nach bhfuil. Tá pacáiste scoile ar fáil saor in aisce chun cabhrú le scoileanna na deiseanna sin a thapú, páirt a ghlacadh i Rith, comhthéacs taitneamhach a chruthú do na daltaí an Ghaeilge a úsáid chun fíorchumarsáid a dhéanamh, agus chun tacú le múinteoirí obair thraschuraclaim a bhunú ar Rith 2016.
Cad a dhéanfaidh do scoil? Cliceáil ar na naisc thíos chun teacht ar ….
Acmhainní teagaisc: póstaeir, taispeántais PowerPoint, físeáin, bileoga oibre agus nótaí múinteora chun gníomhaíochtaí taitneamhacha ranga a bhunú ar Rith 2016 i gcúig théama – Gaeilge, Ceol, Tíreolaíocht, Oideachas Sábháilteachta agus Corpoideachas.
Acmhainní Bunscoile
Acmhainní Iar-Bhunscoile
Comórtais: Beidh daltaí in ann cur isteach ar cheithre chomórtais – ealaín, scríbhneoireacht, cumadóireacht (ó bhéal) agus comórtas grianghraf bunaithe ar bhratacha agus maisiú na scoile. Bronnfar duaiseanna i dtrí aoisghrúpa éagsúla, duais amháin don rang nó don ghrúpa agus duaiseanna breise do pháistí aonair i gcás na gcomórtas ealaíne agus scríbhneoireachta.
Tuilleadh eolais faoi na comórtais
Glac páirt i Rith: Smaointe do scoileanna ar an gcúrsa agus scoileanna nach bhfuil, teimpléid le híoslódáil, cluichí agus gníomhaíochtaí is féidir a dhéanamh ar lá Rith, nathanna úsáideacha agus eile. Ceannaigh ciliméadar, déan bratacha, lean Rith ar an idirlíon, téigh ar turas scoile chun páirt a ghlacadh nó eagraigh mionrith áitiúil.
Tuilleadh eolais faoi conas páirt a ghlacadh
Clubanna Óige: Is féidir le gach duine páirt a ghlacadh i Rith. Tá smaointe anseo do chlubanna óige, ó thaobh imeachtaí agus cluichí roimh ré agus le linn na féile féin agus comórtais is féidir le clubanna cur isteach orthu.
Déan teagmháil linn: Má tá tuilleadh eolais ag teastáil uait, más mian leat do smaointe agus moltaí féin faoi conas páirt a ghlacadh i Rith a roinnt le scoileanna eile, nó más mian leat do scéalta agus grianghraif a chur chugainn, beidh áthas orainn cloisteáil uait. Téigh i dteagmháil linn ag eolas@rith.ie.



