Rith 2010 Song
“Rith ar son na Gaeilge”
Ceol : Martin Tourish Words : Cóilín Ó Cearbhaill
Guthanna : Traic, Lorcán Mac Mathúna
Guthanna tacaíochta : Síomha Nic Aonghusa, Allison Bracken, Ciarán Ó Muirí
Bosca ceoil / Hammond Organ : Martin Tourish Fidil: Siobhán O’Donnell Flúit: Cathal King
Giotar / Maindilín: Ciarán Swift Bass Giotar / Drumaí Cormac Moore
Tar amach is rith don teanga, Gach duine le chéile
Tar amach is rith don Ghaeilge (Ní neart go cur le chéile)
Ó Chathair Bhéal Féirste i lár na hoíche
go dtí deireadh Lá Pádraig cois cuan na Gaillimhe
Trí (Co. Corcaigh, Ciarraí, Bleá Cliath, is Luimní
Tar amach is glac páirt sa spraoi
Ó Ráth Chairn na Mí go dtí Nás na Rí
Ó Ghort Lornán go Cluain Dolcáin
Ó Droichead Nua go dtí an Cheathrú Rua
Tagaigí amach is rith leis an slua
Curfá
Hey, Gach duine le chéile
Ag rith ar son na Gaeilge
Ó Bhaile an Chollaig go dtí Domhnach Broc
trí Raghnallach, Ceatharlach is Ros Muc
An Rinn, Ard Aidhin, Áth Buí, Trá Lí
Rithigí, Rithigí, ná fan i do shuí
Ó Chaisleán an Bharraigh go Cathair Chill Chainnigh
Ón Iúr Cinn Trá go dtí an Droichead Átha
Ón Muine Beag go dtí an Óran Mór
Canaigí le haon ghlór
Curfá
Hey, Gach duine le chéile
Ag rith ar son na Gaeilge
Cúig contae dhéag is dhá chéad baile
Beidh trácht air seo sna leabhair staire
Seachtain na Gaeilge dhá mhíle ‘sa deich
An t-am gur thosaigh na Gaeil ag rith
Tá an t-amhrán ar fáil le ceannach ar iTunes
Martin Tourish – http://www.myspace.com/martintourish
Traic – http://www.myspace.com/traicmusic
Lorcán Mac Mathúna – http://www.myspace.com/lorcanmacmathuna
Ar fáil ar iTunes anois – Cligeáil ar Lógó thíos




