Glac páirt in Rith 2018
Agus scoileanna nó grúpaí ag ullmhú do Rith 2018, is cuidiú mór na rudaí seo a leanas a chuimhniú:
- Tá am a bheidh an Rith ag do chiliméadar luaite ar an suíomh chomh maith leis an áit a bheidh sé.
- Ní mór bheith ag an áit ag an am ceart.
- Déan cinnte de go bhfuil tú agus daoine leat ag fanacht ar an taobh ceart den bhóthar.
- Tá eolas tábhachtach ar ár mbileog bileog sábháilteachta.
- Lean treoir na maor le linn don Rith.