Skip to Content
Mapa gar

Fáilte

Is féile náisiúnta nua d’Éirinn é Rith 2016 a bheidh ar siúl ón 4-14 Márta 2016 mar cheann de phríomhimeachtaí Sheachtain na Gaeilge. Tá cúrsa 700km leagtha amach chun ollrith sealaíochta a dhéanamh, ag rith ó mhaidin go hoíche, ó Teach Baile an Chaisleáin i gCo. Chill Dara go Baile Átha Cliath thar 11 lá leis na míllte duine ag glacadh páirte ann.
Beidh baitín sealaíochta lámh-dhearaithe speisialta le teachtaireacht folaithe istigh ann á iompar ag Rith 2016 ó thús go deireadh. Ag críoch an rith, léifear amach an teachtaireacht tacaíochta seo don Ghaeilge os comhair na sluaite daoine taobh amuigh d’Ard-Oifig an Phhoist i mBaile Átha Cliath.
Má tá grúpa/scoil/cumann ag iarradh páirt a ghlacadh sa Rith, seilbh a ghlacadh ar an mbaitín, agus rith chun tosaigh iarraimid orthu teacht i dteagmháil linn chun ciliméadar a cheannach.
Is féidir le haon duine rith ar aon chuid den chúrsa. Ní gá do duine aonair clárú linn, ach tá rogha ann do chiliméadar féin a cheannach chun go rithfidh tú le do ghrúpa cairde chun tosaigh ar fad, le duine agaibh ag iompar an bhaitín!

Back to top