Clubanna Óige

Ag ullmhú Club Óige do Rith 2016
- Is bealach éasca taitneamhach é Rith 2016 do chuid baill a chur ag labhairt Gaeilge – trí pháirt a ghlacadh in eagrú Rith agus san imeacht féin déanfaidh tú an Ghaeilge a spreagadh sa chlub óige agus taobh amuigh de, ar bhealach taitneamhnach, fiúntach agus éasca.
- Cuirfidh an pacáiste scoile/club óige rogha fairsing d’imeachtaí ar fáil duit chun páirt a ghlacadh i Rith
- Tá an imeacht iomlán oiriúnach do dhaltaí meánscoile & clubanna óige
- Beidh sé mar chuid de Sheachtain na Gaeilge (SnaG) agus beidh ócáidí ag tarlú treasna na tíre
- Beidh treoir ar fáil arlíne agus ar an nguthán as seo go dtí an imeacht
- Is féidir Rith 2016 a úsáid ón lá go bhfaigheann tú an pacáiste seo go dtí an imeacht féin
- Beidh amhrán nua foilsithe darb ainm “Rith ar son na Gaeilge” – Múin na focal don club agus bainigí sult as
- Cuir do chuid baill i gceannas ar obair do scoile do Rith 2016! – Póstaeir a dhearadh, póstaeir oifigiúla Rith 2016 a scaipeadh is a chrochadh, pobal na scoile a spreagadh le páirt a ghlacadh, féile/ócáid bheag a eagrú chun fáilte a chur roimh Rith, sa scoil nó sa cheantar
- Glac páirt sna comórtais atá sa phacáiste scoile/clubanna óige agus spreag na daltaí ról gníomhach a bheith acu fáilte mhór a chur roimh Rith 2016
Ceol
- Nótaí do cheannairí: Aois Bunscoile
- Nótaí do cheannairí: Aois Meánscoile
- Bileoga Oibre: Aois Bunscoile
- Bileoga Oibre:: Aois Meánscoile
- Uirlisí ceoil
- Amhrán Rith: An Scór
- Postaer Cúrsa Rith 2014
Tíreolaíocht
- Bileoga Oibre: Aois Bunscoile
- Bileoga Oibre:: Aois Meánscoile
- Logainmneacha
- Timpeall na Tíre
- Grianghraif Rith 2012
- Postaer Cúrsa Rith 2014
- Postaer Eorpach
Scríobhnóireacht: Aois Bunscoile
Oideachas Sábháilteacht
Eolais Breise ·
- Spreag an club chun ciliméadar a cheannach agus eagraigh grúpa a rithfidh an ciliméadar sin ar son an club
- Cuirfear póstaeir, fógraíocht dhátheangach cheolmhar, shoiléir, intuigthe, ar fáil – ní bheidh le déanamh ach iad a scaipeadh agus a phlé
- Ní gá go mbeadh cinnirí nó na baill líofa sa Ghaeilge – ócáid cheiliúrtha, spraoi, bhróid atá i Rith 2016 a thugann an deis do dhaoine ó gach aon aois an méid Gaeilge atá acu a úsáid go compórdach le taitneamh



