Skip to Content
put tomething here
Mapa gar

Céard é Rith 2018?

dearg

Is féile náisiúnta nua d’Éirinn í Rith 2018 a bheidh ar siúl ón 11-17 Márta 2018 mar cheann de phríomhimeachtaí Sheachtain na Gaeilge. Tá cúrsa os cionn 500km leagtha amach chun ollrith sealaíochta a dhéanamh, ag rith ó mhaidin go hoíche, ó Bhéal Feirste go Ciarraí thar 7 lá leis na míllte duine ag glacadh páirte ann.

Beidh baitín sealaíochta lámh-dhearaithe speisialta le teachtaireacht folaithe istigh ann á iompar ag Rith 2018 ó thús go deireadh. Ag críoch an rith, léifear amach an teachtaireacht tacaíochta seo don Ghaeilge os comhair na sluaite daoine.

Má tá grúpa/scoil/cumann ag iarradh páirt a ghlacadh sa Rith, seilbh a ghlacadh ar an mbaitín, agus rith chun tosaigh iarraimid orthu teacht i dteagmháil linn chun ciliméadar a cheannach.

Is féidir le haon duine rith ar aon chuid den chúrsa. Ní gá do duine aonair clárú linn, ach tá rogha ann do chiliméadar féin a cheannach chun go rithfidh tú le do ghrúpa cairde chun tosaigh ar fad, le duine agaibh ag iompar an bhaitín!

Back to top