Ceannaigh Ciliméadar
Tá na ciliméadair ar fad de cuid Rith 2016 ar fáil le ceannach. Is féidir le haon duine nó aon ghrúpa ciliméadar a cheannach ar an gcúrsa.
Má cheannaíonn tú ciliméadar, gheobhaidh tú:
- Ciliméadar faoi leith de Rith 2016 curtha ar fáil daoibh
- Ritheann tú chun tosaigh ar fad agus an baitín sealaíochta a iompar don chiliméadar sin
- Veist oifigiúil Rith 2016 don duine/bheirt a bheidh ag rith leis an mbaitín don chiliméadar
- Cead rith le do ghrúpa díreach taobh thiar den bhata le bratacha &rl
- Pacáiste eolais le sonraí go leor ann faoin gcúrsa, sábháileacht agus níos mó
- Bíonn d’ainm nó ainm do ghrúpa ar liosta na gciliméadar don gcontae sin
- Rogha an ciliméadar a cheannach agus go n-eagróidh Rith 2016 duine chun an ciliméadar a rith ar do shon
Le ciliméadar a cheannach agus páirt a ghlacadh i Rith 2016 roghnaigh do chontae sa bhosca thíos. Má tá fadhb agat ag ceannach ciliméadar déan teagmháil linn ag marcas@rith.ie.
Cosnaíonn gach ciliméadar €100.




