Skip to Content
Ag ullmhú do Rith 2016
Ullmhúchán don Rith
- Ceannaigh ciliméadar don scoil ag www.rith.ie nó trí glaoch ar oifig Rith 2016 ag 01 4757401
- Comórtas a eagrú sa scoil leis an mbuaiteoir roghnaithe le batín Rith a iompar nuair a thagann sé chomh fada le ciliméadar na scoile
- Fógraí Pobail a dhathú agus iad a scaipeadh agus a chrochadh timpeall an bhaile. Teimpléid ar fáil sa phacáiste
- Brat don Fháiltiú a dhearadh. Moltar seanbhráilín a úsáid agus a phéinteáil [Féach faoi chomórtas ar seo]
- ‘Bunting’ a chrochadh sa cheantar
- Frapaí a dhearadh don Fháiltiú (Bata agus ribín air)
- Raidió Áitiúil a chur ar an eolas faoi Rith
- Fógraí faoin Rith a chur sa pháipéar áitiúil agus i nuachtlitir an pharóiste
- Bileoigíní faoin Rith a scaipeadh
- Bileoigíní le seirbhísí don Ghaeilge sa cheantar a scaipeadh
- T-léine Rith a chaitheamh/ a dhearadh
- Amhráin Rith a fhohglaim – coinnigh súil ar www.rith.ie le bries eolais a fháil ar seo!
Rannpháirtíocht sa Rith
- An ciliméadar a rith le grúpaí daltaí, duine faoi leith ag iompar an bata!
- Grúpa dhaltaí ón scoil ag tacú leis na reathaí ó thaobh an bhóthair
- Péinteáil aghaidhe
- Feistis ghrinn a chaitheamh chun atmaisfeár a chothú
- An Haka Gaelach a dhéanamh. Múintear an focail agus cuir geaitsaí leis. Focailar fail sa phacáiste. Nod! Google an Haka Gaelach!
- Torann le déanamh! ( Bodhrán, drumaí, shakers &rl)
- Má tá sé dorcha…glow sticks, toirsí, coinnle, lanterns, seaicéid shofheicte &rl
- Lucht Tacaíochta, le Pom Poms agus streamers
- Ceol le cloisteáil ó áit lárnach
- Féinbhród condae a chothú. Caith dathanna do chondae!
- Maor Rith a roghnú chun an slua a ghríosadh chun atmaisféar a chothú
Imeachtaí
- Úsáid an Rith mar chleachtadh do Pharáid Lá Fhéile Phádraig
- Rince/ceilí a dhéanamh
- Mion Rith a reachtáil sa cheantar
- Lá Mór Spóirt/ Lúchleasaíochta a eagrú sa cheantar
- Tóraíocht Taisce a reachtáil go háitiúil
- Cuireadh a thabhairt do Chlubanna Spóirt a bheith i láthair agus páirt a ghlacadh san imeacht
- Teagmháil a dhéanamh leis na Gasóga áitiúla chun páirt a ghlacadh san imeacht
- Ócáidí Oíche a eagrú i ndiaidh na hócáide
Back to top