8-17 March 2012
31 Days Left
English Gaeilge
Rith - Post-Primary Resources

RITH ROUTE 2012

Post-Primary Resources

Ábhar Múinteora  

Cén bhealach a chuideoidh Rith 2012 liom mar mhúinteoir?

  • Is bealach éasca taitneamhach é Rith 2012 do dhaltaí a chur ag labhairt Gaeilge – trí pháirt a ghlacadh in eagrú Rith agus san imeacht féin déanfaidh tú an Ghaeilge a bhéó sa seomra ranga agus taobh amuigh de, ar bhealach taitneamhnach, fiúntach agus éasca.
  • Tá Rith 2012 oiriúach don iliomad ábhar – Gaeilge, Corp Oideachais, Staidéar Gnó, Ealaín, Tír Eolais, Stair, OSPS, agus eile.
  • Cuirfidh an pacáiste seo rogha fairsing d’imeachtaí ar fáil duit chun páirt a ghlacadh i Rith 2012
  • Tá an imeacht iomlán oiriúnach do dhaltaí meánscoile
  • Beidh sé mar chuid de Sheachtain na Gaeilge (SnaG) agus beidh ócáidí ag tarlú tríd an tír ar fad
  • Beidh treoir ar fáil arlíne agus ar an nguthán as seo go dtí an imeacht
  • Is féidir Rith 2012 a úsáid ón lá go bhfaigheann tú an pacáiste seo go dtí an imeacht féin
  • Cuir do dhaltaí i gceannas ar obair do scoile do Rith 2012! - Póstaeir a dhearadh, póstaeir oifigiúla Rith 2012 a scaipeadh is a chrochadh, pobal na scoile a spreagadh le páirt a ghlacadh, féile/ócáid bheag a eagrú chun fáilte a chur roimh Rith, sa scoil nó sa cheantar
  • Glac páirt sna comórtais atá sa phacáiste scoile agus spreag na daltaí ról gníomhach a bheith acu fáilte mhór a chur roimh Rith 2012

Eolais Breise ·        

  • Spreag an scoil chun ciliméadar a cheannach agus eagraigh grúpa a rithfidh an ciliméadar sin ar son na scoile
  • Ábhar maith a bheadh i 2012 mar Mhodúil Idirbhliana - é mar mhodúil thras-churaclam, agus mar dheis do dhaltaí tréithe na ceannaireachta a thaispeáint agus a fhorbairt.
  • Cuirfear póstaeir, fógraíocht dhátheangach cheolmhar, shoiléir, intuigthe, ar fáil - ní bheidh le déanamh ach iad a scaipeadh agus a phlé
  • Ní gá go mbeadh múinteoir nó dalta líofa sa Ghaeilge - ócáid cheiliúrtha, spraoi, bhróid atá i Rith 2012 a thugann an deis do dhaoine ó gach aon aois an méid Gaeilge atá acu a úsáid go compórdach le taitneamh  
  • Má tá dalta Idirbhliana i do scoil ag iarraidh taithí oibre a dhéanamh i saol na Gaeilge, fáilteofar go mór roimh thalún agus dhíograis na n-óg

 

 CEACHT 1
An Díog is Faide: Físeán agus gníomhaíochtaí

An Díog is Faide - Gearrscannán: http://www.thisisirishfilm.ie/shorts/an-diog-is-faide
Ábhar dhaltaí
 
CEACHT 2
An Gleann inár Togadh Mé : Dán agus gníomhaíochtaí

Ábhar dhaltaí

 

 


  • Conradh Na Gaeilge
  • Glór na nGael
  • Seachtain Na Gaeilge
  • Aoife
  • Comhluadar
  • COGG
  • udaras
CARA LE RITH - THE BUSINESS COMMUNITY SUPPORTING RITH
Team Rith - Login
CONNECT WITH RITH 2012