Ar Redadeg, An Bhriotáin
Is ollrás é an Ar Redadeg (An Rás sa Bhreatanais) atá bunaithe ar an Korrika i dTír na mBascach. I 2008, ritheadh an chéad Redadeg timpeall na Briotáine thar trí lá agus trí oíche ó Naoned (Nantes) go Karaez (Carhaix). Is í aidhm an Radadeg ná ciste a bhunú le tacaíocht a thabhairt do theanga na Briotáine.
Cé gur thosaigh an Korrika i 1980, ba é 2008 an chéad uair don Redadeg a bheith eagraithe sa Bhriotáin. Thosaigh sé ar an 30ú Aibreán, 2008. Ritheadh breis is 600 km (373 míle) ag meán luas de 9 km an uair an chloig. Roghnaíodh cúrsa Ar Redadeg ionas go rachadh sé trí na cúig chúige den Bhriotáin (départements).