Primary School Resources
Tá an t-uafás féidearthachtaí ag baint le Rith 2012 mar théama sa seomra ranga. Sa phacáiste scoile atá ar www.rith.ie , tá cnuasach de smaointí agus de thascanna ranga agus iad fite fuaite leis na hábhair uilig. Tá teimpléid áirithe ann duit a chabhródh leat ceachtanna faoi leith a mhúineadh níos fearr.
Mar shampla:
- An Cód Sábhála (Póstaer agus liricí)
- Dán sabháilteachta
- Léarscáil na hÉireann/Condae na hÉireann
- Teimpléid bunaithe ar mo cheantar
- Cluichí teanga
- Comhrá/ rólimirt
- Cluichí cainte
- Cártaí poist
- Nuachtán samplach
Chomh maith le sin, tá 8 gcomórtas éagsúl anseo dírithe ar bhunscoileanna le duais de clódóir hp do gach ceann acu!
Nó má tá sibh ar chúrsa Rith 2012, nó má tá sibh sásta taisteail chuige, cén fáth nach nglacann bhur scoil páirt sa Rith féin? Tagaigí amach agus rith ar son na Gaeilge!