8-17 Márta 2012
31 Laetha fágtha
English Gaeilge
Rith - Saoire le Rith 2012 agus Extreme Ireland

CÚRSA RITH 2012

Saoire le Rith 2012 agus Extreme Ireland

 

10 lá - 7 lá - 5 á - Léim Suas, Léim Anuas

Tá Extreme Ireland ag obair le Rith 2012 ag cur saoire nua ar fáil a gheallann laethannta saoire lán le craic agus spraoi duit. Tabharfaidh saoirí eagraithe na féile seo timpeall na tíre ar fad thú. Beidh tú ag taisteal ar bhusanna compordacha le grúpa de 16 duine uasta.

 

Ón Mairt 8-17 Márta: Gach lá beidh an deis agat an bata agus an rith a leanúint agus a bheith páirteach sa rith tú fhéin. Nuair nach mbeidh tú ag rith beidh muid ag tabhairt cuairt ar shuíomhanna stairiúla, feicfidh muid an tírdhreach iontach agus foghlaimeoidh tú faoin mbéaloideas agus gach ní a bhaineann le cultúr na hÉireann. Beidh 10% de phraghas an turais tugtha mar dheontas don fhéile agus dul chun cinn na Gaeilge agus an chultúir le gach saoire a chuirtear in áireamh linn.

Tá an fhéile seo ar siúl i dtír na mBascach agus sa Bhriotáin le 20 bliain anuas agus tá sé thar a bheith rathúil ansin ag cur a gcuid cultúr chun cinn. Tá súil againn go mbeidh an rath céanna linne. Meallfar neart daoine éagsúla chuig an saoire seo agus táim cinnte gur tusa duine acu. Tá an saoire seo oscailte do chách, daoine atá ag lorg saoire ghníomhach, daoine a bhfuil aifinideacht acu le hÉirinn agus atá ag iarraidh tuilleadh a fhoghlaim fúithi agus dóibh siúd atá ag lorg saoire cultúrtha agus gur mhaith leo an tír tuaithe álainn a fheiscint. Má tá tú ag taisteal i d’aonar nó le grúpa, beidh muid in ann freastal ar na riachtanais atá agat. Ní bheith an saoire seo ar fáil ach gach dara bliain, mar sin tapaigh an deis seo agus bígí linn! Beidh clár d’imeachtaí seacht lá i bhfeidhm ag teacht suas go Lá Fhéile Phádraig a dhéanfaidh ceiliúradh ar an nGaeilge agus ar an gcultúr agus a bheidh mar chúlra d’imeacht iontach.

Tá Rith 2012 an-bhródúil as a bheith i gcomhpháirt le Extreme Ireland agus saoirí a ofráil a bheith linn agus taitneamh a bhaint as Éirinn. Le tuilleadh eolais a fháil ar Extreme Ireland breathnaigh ar an suíomh gréasáin http://www.extremeireland.ie/tours/rith_gaeilge.aspx a thabharfaidh gach eolas atá de dhíth uait. Beidh muid ag tabhairt an rogha do dhaoine an turas treoraithe a fháil trí Ghaeilge. Chomh maith leis sin beidh muid ag eagrú ranganna Gaeilge dóibh siúd gur mhaith leo an teanga a fhoghlaim nó feabhas a chur ar an leibhéal Gaeilge atá acu agus iad ag taisteal timpeall na tíre. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil uainn is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag info@extremeireland.ie

Táimid ag cur na roghanna seo a leanas ar fáil: 10 lá, 7 lá, 5 lá agus Léim Síos,Léim Aníos

  • Conradh Na Gaeilge
  • Glór na nGael
  • Seachtain Na Gaeilge
  • Aoife
  • Comhluadar
  • COGG
  • udaras
CARA LE RITH - LUCHT GHNÓ AG TACÚ LE RITH
Team Rith - Login
CEANGAIL LE RITH 2012