-183 Days Left
Rith - The

ROUTE

View Full Btn

The 'Rith Ar Son Na Gaeilge' fund

A special support fund will be set-up as a direct result of Rith 2010. The fund will be used to support projects all over Ireland that encourage and support the use of Irish as a community language.

This fully accountable fund will be managed by the a fund management committee, made up by representatives from Irish language organisations and support groups, inside and outside of the Gaeltacht. The fuind will be managed according to international best-practice for charity organisations.

The members of the Ciste Rith fund management team are presented below.

 

Helen Ó Murchú

As Ráth Caola, Contae Luimnigh, do HÓM ach ina cónaí i mBÁC le fada. Bhí ina cathaoirleach bunaidh ar an eagraíocht dar teideal Forbairt Naíonraí Teoranta anois, ina Tánaiste ar Chonradh na Gaeilge, agus ina hUachtarán ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus ar an mBiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana. Tá roinnt leabhar i gcló aici ór chuaigh sí ar scor ó Chomhar na Múinteoirí Gaeilge. Orthu seo tá More Facts about Irish, a sheol an Taoiseach Brian Cowen agus Ceisteanna na Linne.

Lorcán Mac Gabhann

Ó 2002, tá sé fostaithe mar Cheannasaí ar Ghlór na nGael agus roimhe sin, ar feadh tréimhse fada mar Fheidhmeannach Sinsearach le Foras na Gaeilge. Tréimhsí caite aige, ina óige, mar Thimire de chuid Conradh na Gaeilge agus mar Oifigeach Forbartha le hÓgras. Buaicphointe dó go raibh baint aige, i 1995, le bunú Gaelscoil Thaobh na Coille i nDeisceart Átha Cliath agus is ann atá sé mar Chathaoirleach fós.

Feargal Ó Cuilinn

Is ó Bhaile Átha Cliath é Feargal Ó Cuilinn, áit ar tógadh le Gaeilge é. Tá sé fostaithe mar Stiúrthóir ar an eagraíocht Comhluadar Teo. ó 2002 agus ina bhall de Choiste Stiúrtha An Foras Pátrúnachta na Scoileanna LánGhaeilge chomh maith. Duine de lucht bhunaithe Gaelscoil Bharra, Cabrach é agus Cathaoirleach na scoile sin ó 1997. Tá beirt iníon aige.

Daithí de Faoite

Is as Baile Átha Cliath é Daithí de Faoite ach tá cónaí air sna Solláin i gContae Chill Dara le deich mbliana anuas. Is comhairleoir teicneolaíochta é Daithí le Hewlett Packard, áit go bhfuil sé ag obair ó 1998. Tá Daithí mar chathaoirleach ar Rith 2010, féile nua teanga atá bunaithe ar an bhféile Korrika i dTír na mBascach, áit go raibh cónaí ar Dhaithí ar feadh bliana i 1995. Tá sé ar bhord stiúrtha Spleodar agus mar bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge le cúpla bliain anuas. Tá Daithí pósta le Amanda agus tá beirt pháistí óga acu.

Ciara Ní Mhaonaile

Is as Baile Buadáin, i mBaile Átha Cliath í Ciara. Múinteoir bunscoile is ea í agus faoi láthair tá sí ag múineadh i nGaelsoil Eiscir Riada i Leamhcán. Chaith sí seal ag obair mar Chomhairleoir don Ghaeilge leis an tSeirbhís Um Fhorbairt Ghairmiúil Do Bhunscoileanna. Le deich mbliana anuas tá sí mar bhainisteoir ar chúrsaí samhraidh de chuid Coláiste Na bhFiann. Tá sí ina ball de Lárchoiste Rith 2010.

Diarmaid Ua Bruadair

Is as Béal Feirste é Diarmaid Ua Bruadair agus tógadh i ar Ghaeltacht Bhóthar Seoighe é. D’fhreastail sé ar Bhunscoil Phobail Feirste sna luathbhlianta agus chuaigh sé leis an mhúinteoireacht mar ghairm. Chaith sé roinnt blianta ag obair mar oibrí forbartha sa Bhrásaíl, áit ar bhuail sé lena bhean, Alvina. Ar theacht ar ais go hÉirinn dó rinne sé máistreacht san obair shoisialta agus d’obair sé san earnáil seo i dtuaisceart Bhéal Feirste ar feadh tréimhse. Bhí an seomra ranga ag glaoch i gcónaí agus ghlac Diarmaid post mar mhúinteoir Staire i gColáiste Feirste, iarbhunscoil lánGhaeilge na cathrach, i 2001. Is múinteoir sinsearach anois sa scoil é agus é sáite i saol na Gaeilge i mBéal Feirste agus ar fud an oileáin. Tá triúr iníon aige agus iad á dtógáil le Gaeilge, Poirtingéilis agus Béarla. Is stiúrthóir é ar an eagraíocht carthanachta SERVE agus is bainisteoir é ar chúrsa samhraidh de chuid Coláiste na bhFiann i Ros Muc.

 

Peadar Mac Fhlannchadha

Tá Peadar mar Timire Náisiúnta agus Leas Ard Rúnaí Chonradh na Gaeilge. Is as Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe ó dhúchas agus gníomhach i ngach gné de shaol na Gaeilge le fada. Ag feidhmiú freisin mar Rúnaí Comhlachta Áras na nGael, 45 Sr. Doiminic agus ag plé le Club Áras na nGael san ionad céanna. Taithí faoi leith aige ag plé le cumainn agus pobail deonach ar fud na tíre agus spéis faoi leith aige i dtacaíocht a chur ar fáil do na grúpaí seo.

 



CARA LE RITH - THE BUSINESS COMMUNITY SUPPORTING RITH
CONNECT WITH RITH 2010