Cúrsa Rith 2010
Cén Chúrsa a thógfaidh Rith 2010?
Tógfar céad chéimeanna Rith 2010 i mBéal Feirste ar an 9 Márta 2010. I ndiaidh an tsearmanais tionscnaimh, osclófar an Bata agus cuirfear an teachtaireacht tacaíochta don Ghaeilge isteach ann. Ansin, bronnfar an bata ar rásaí an chéad chiliméadair agus tosóidh an turas…
Iomprófar an Bata timpeall na hÉireann ar feadh naoi lá, ó mhaidn go hoíche, ar thuras 1600km, trí breis is 250 baile agus 15 gcondae! Críochnóidh sé ar Lá Fhéile Pádraig i gCathair na Gaillimhe!
Ar an suíomh seo, tá sonraí iomlán cúrsa Rith 2010 leagtha amach. Tá an cúrsa leagtha amach ar GoogleMaps agus do gach condae, tá liota na gciliméadar le rogha iad a cheannach nó cur san áireamh muna bhfuil siad díolta cheanna féin.
Muna bhfuil Rith 2010 ag dul trí do bhaile...
Gabh ár leithscéal nach bhfuilimid libh i 2010 ach tá rogha ann do mbeadh do scoil nó do ghrúpa fós in ann páirt a ghlacadh..
- Trí bhur Rith beag féin a eagrú i bhur cheantar. Beidh pacáiste speisialta réidh go luath ag Rith le cuidiú libh.
- Nó trí léim ar bhus agus turas a dhéanamh chun an chéad Rith ar son na Gaeilge riamh a bhlaiseadh i mbaile eile ar an gcúrsa!
- Cuimhnigh - beidh cúrsa iomlán nua leagtha amach le haghaidh Rith 2012 - seans go mbeimid ag teacht chugaibh ansin!
- Agus, go deimhin, tá an rogha ann i gcónaí ciliméadar a cheannach aon áit ar an gcúrsa