Rannóg A Bunscoileanna: Naíonáin - Rang 2, Clubanna óige 4-8
Rannóg B Bunscoileanna: Rang 3– 6 Clubanna óige: aois 9-13
Rannóg C Iarbhunscoileanna: Clubanna óige Aois 13 +
Comórtas 1. Cumadóireacht ó bhéal
Cum rap, dán no amhrán i gcomhair Rith 2012. Is comórtas grúpa nó ranga é seo. Ba
cheart don ghrúpa nó don rang go léir bheith ag obair le chéile agus iarratas
amháin
a chur isteach. Spriocdháta: Dé hAoine, 24 Feabhra 2012.
Comórtas 2. Griangraf / Bratacha
Dear agus déan bratacha i gcomhair Rith 2012. Ansin glac cúpla grianghraf agus seol chugainn iad chun an dea-obair a thaispeáint.
Ullmhaigh na bratacha roimh an Aoine, 2 Márta 2012
Comórtas 3. Ealaín
Is comórtas aonair é seo. Is féidir le gach duine sa ghrúpa nó sa rang iarratas a ullmhú.
Rannóg A: Tarraing nó péinteáil pictiúr ‘Mo Cheantar Féin’ agus cuir teideal air.
Rannóg B: Tarraing nó péinteáil pictiúr a léireoidh míniú ar logainm(neacha) i do cheantar.
Rannóg C: Dear póstaer (le láimh nó go leictreonach) a léireoidh míniú ar logainm(neacha) i do cheantar.
Spriocdháta : Dé hAoine, 2 Márta 2012.
Comórtas 4. Scríbhneoireacht
Is comórtas aonair é seo. Is féidir le gach duine sa ghrúpa nó sa rang iarratas a ullmhú.
Rannóg A: Cuir lipéad nó bolgán cainte leis an bpictiúr. (www.rith.ie/comortais)
Rannóg B: Scríobh scéal faoi Rith 2012. Is féidir fíorscéal nó ficsean a bheith i gceist.
Rannóg C: Scríobh alt i gcomhair irisleabhair nó nuachtáin faoi Rith 2012.
Spriocdháta: Dé hAoine, 24 Márta 2012.
Duaiseanna : Clódóirí ó Hewlett-Packard agus cluichí, leabhair agus CD ó www.udar.ie