8-17 Márta 2012
-440 Laetha fágtha
English Gaeilge

Clubanna Óige

Ag ullmhú Club Óige do Rith 2012

  • Is bealach éasca taitneamhach é Rith 2012 do chuid baill a chur ag labhairt Gaeilge – trí pháirt a ghlacadh in eagrú Rith agus san imeacht féin déanfaidh tú an Ghaeilge a bhéó sa chlub óige agus taobh amuigh de, ar bhealach taitneamhnach, fiúntach agus éasca.
  • Cuirfidh an pacáiste scoile/club óige rogha fairsing d’imeachtaí ar fáil duit chun páirt a ghlacadh i Rith
  • Tá an imeacht iomlán oiriúnach do dhaltaí meánscoile & clubanna óige
  • Beidh sé mar chuid de Sheachtain na Gaeilge (SnaG) agus beidh ócáidí ag tarlú treasna na tíre 
  • Beidh treoir ar fáil arlíne agus ar an nguthán as seo go dtí an imeacht
  • Is féidir Rith 2012 a úsáid ón lá go bhfaigheann tú an pacáiste seo go dtí an imeacht féin
  • Beidh amhrán nua foilsithe darb ainm "Rith ar son na Gaeilge" - Múin na focal don club agus bainigí sult as
  • Cuir do chuid baill i gceannas ar obair do scoile do Rith 2012! - Póstaeir a dhearadh, póstaeir oifigiúla Rith 2012 a scaipeadh is a chrochadh, pobal na scoile a spreagadh le páirt a ghlacadh, féile/ócáid bheag a eagrú chun fáilte a chur roimh Rith, sa scoil nó sa cheantar
  • Glac páirt sna comórtais atá sa phacáiste scoile/clubanna óige agus spreag na daltaí ról gníomhach a bheith acu fáilte mhór a chur roimh Rith 2012

Eolais Breise ·

  • Spreag an club chun ciliméadar a cheannach agus eagraigh grúpa a rithfidh an ciliméadar sin ar son an club 
  • Cuirfear póstaeir, fógraíocht dhátheangach cheolmhar, shoiléir, intuigthe, ar fáil - ní bheidh le déanamh ach iad a scaipeadh agus a phlé
  • Ní gá go mbeadh cinnirí nó na baill líofa sa Ghaeilge - ócáid cheiliúrtha, spraoi, bhróid atá i Rith 2012 a thugann an deis do dhaoine ó gach aon aois an méid Gaeilge atá acu a úsáid go compórdach le taitneamh
  • Conradh Na Gaeilge
  • Glór na nGael
  • Seachtain Na Gaeilge
  • Aoife
  • Comhluadar
  • COGG
  • udaras
CARA LE RITH - LUCHT GHNÓ AG TACÚ LE RITH
Team Rith - Login
CEANGAIL LE RITH 2012