-185 Laetha fágtha
Rith - Ciste

CÚRSA

View Full Btn

Ciste 'Rith ar son an Gaeilge'

Mar thoradh ar Rith, tá ciste speisialta á bhunú. Úsáidfear an ciste seo le tacaíocht a thabhairt do thograí ar fud na tíre, a chothaíonn agus a spreagann úsáid na Gaeilge mar theanga phobail. Beidh an ciste cuntasach seo á bhainistiú ag Coiste Bainistíochta Ciste, le hionadaithe ó eagraíochtaí agus grúpaí tacaíochta éagsúla na Gaeilge, sna ceantair Ghaeltachta agus lasmuigh díobh. Leanfaidh bainistíocht an chiste seo dea-chleachtas idirnáisiúnta d'eagraíochtaí carthanacha. Is féidir ball an coiste seo a fheicéal anseo. 

Helen Ó Murchú As Ráth Caola, Contae Luimnigh, do Helan Ó Murchú ach ina cónaí i mBÁC le fada. Bhí ina cathaoirleach bunaidh ar an eagraíocht dar teideal Forbairt Naíonraí Teoranta anois, ina Tánaiste ar Chonradh na Gaeilge, agus ina hUachtarán ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus ar an mBiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana. Tá roinnt leabhar i gcló aici ór chuaigh sí ar scor ó Chomhar na Múinteoirí Gaeilge. Orthu seo tá More Facts about Irish, a sheol an Taoiseach Brian Cowen agus Ceisteanna na Linne.

Lorcán Mac Gabhann Ó 2002, tá sé fostaithe mar Cheannasaí ar Ghlór na nGael agus roimhe sin, ar feadh tréimhse fada mar Fheidhmeannach Sinsearach le Foras na Gaeilge. Tréimhsí caite aige, ina óige, mar Thimire de chuid Conradh na Gaeilge agus mar Oifigeach Forbartha le hÓgras. Buaicphointe dó go raibh baint aige, i 1995, le bunú Gaelscoil Thaobh na Coille i nDeisceart Átha Cliath agus is ann atá sé mar Chathaoirleach fós.

Feargal Ó Cuilinn Is ó Bhaile Átha Cliath é Feargal Ó Cuilinn, áit ar tógadh le Gaeilge é. Tá sé fostaithe mar Stiúrthóir ar an eagraíocht Comhluadar Teo. ó 2002 agus ina bhall de Choiste Stiúrtha An Foras Pátrúnachta na Scoileanna LánGhaeilge chomh maith. Duine de lucht bhunaithe Gaelscoil Bharra, Cabrach é agus Cathaoirleach na scoile sin ó 1997. Tá beirt iníon aige.

Daithí de Faoite Is as Baile Átha Cliath é Daithí de Faoite ach tá cónaí air sna Solláin i gContae Chill Dara le deich mbliana anuas. Is comhairleoir teicneolaíochta é Daithí le Hewlett Packard, áit go bhfuil sé ag obair ó 1998. Tá Daithí mar chathaoirleach ar Rith 2010, féile nua teanga atá bunaithe ar an bhféile Korrika i dTír na mBascach, áit go raibh cónaí ar Dhaithí ar feadh bliana i 1995. Tá sé ar bhord stiúrtha Spleodar agus mar bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge le cúpla bliain anuas. Tá Daithí pósta le Amanda agus tá beirt pháistí óga acu.

Ciara Ní Mhaonaile Is as Baile Buadáin, i mBaile Átha Cliath í Ciara. Múinteoir bunscoile is ea í agus faoi láthair tá sí ag múineadh i nGaelsoil Eiscir Riada i Leamhcán. Chaith sí seal ag obair mar Chomhairleoir don Ghaeilge leis an tSeirbhís Um Fhorbairt Ghairmiúil Do Bhunscoileanna. Le deich mbliana anuas tá sí mar bhainisteoir ar chúrsaí samhraidh de chuid Coláiste Na bhFiann. Tá sí ina ball de Lárchoiste Rith 2010.

Diarmuid Ó Bruadair Is as Béal Feirste é Diarmaid Ua Bruadair agus tógadh i ar Ghaeltacht Bhóthar Seoighe é. D’fhreastail sé ar Bhunscoil Phobail Feirste sna luathbhlianta agus chuaigh sé leis an mhúinteoireacht mar ghairm. Chaith sé roinnt blianta ag obair mar oibrí forbartha sa Bhrásaíl, áit ar bhuail sé lena bhean, Alvina. Ar theacht ar ais go hÉirinn dó rinne sé máistreacht san obair shoisialta agus d’obair sé san earnáil seo i dtuaisceart Bhéal Feirste ar feadh tréimhse. Bhí an seomra ranga ag glaoch i gcónaí agus ghlac Diarmaid post mar mhúinteoir Staire i gColáiste Feirste, iarbhunscoil lánGhaeilge na cathrach, i 2001. Is múinteoir sinsearach anois sa scoil é agus é sáite i saol na Gaeilge i mBéal Feirste agus ar fud an oileáin. Tá triúr iníon aige agus iad á dtógáil le Gaeilge, Poirtingéilis agus Béarla. Is stiúrthóir é ar an eagraíocht carthanachta SERVE agus is bainisteoir é ar chúrsa samhraidh de chuid Coláiste na bhFiann i Ros Muc.

Peadar Mac Fhlannchadha Tá Peadar mar Timire Náisiúnta agus Leas Ard Rúnaí Chonradh na Gaeilge. Is as Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe ó dhúchas agus gníomhach i ngach gné de shaol na Gaeilge le fada. Ag feidhmiú freisin mar Rúnaí Comhlachta Áras na nGael, 45 Sr. Doiminic agus ag plé le Club Áras na nGael san ionad céanna. Taithí faoi leith aige ag plé le cumainn agus pobail deonach ar fud na tíre agus spéis faoi leith aige i dtacaíocht a chur ar fáil do na grúpaí seo.

CARA LE RITH - LUCHT GHNÓ AG TACÚ LE RITH
CEANGAIL LE RITH 2010