Ciste 'Rith Ar Son Na Gaeilge'
Mar thoradh ar Rith, tá ciste speisialta á bhunú. Úsáidfear an ciste seo le tacaíocht a thabhairt do thograí ar fud na tíre, a chothaíonn agus a spreagann úsáid na Gaeilge mar theanga phobail.
Beidh an ciste cuntasach seo á bhainistiú ag Coiste Bainistíochta Ciste, le hionadaithe ó eagraíochtaí agus grúpaí tacaíochta éagsúla na Gaeilge, sna ceantair Ghaeltachta agus lasmuigh díobh. Leanfaidh bainistíocht an chiste seo dea-chleachtas idirnáisiúnta d'eagraíochtaí carthanacha. Is féidir ball an coiste seo a fheicéal anseo.

Lorcán Mac Gabhann
Ó 2002, tá sé fostaithe mar Cheannasaí ar Ghlór na nGael agus roimhe sin, ar feadh tréimhse fada mar Fheidhmeannach Sinsearach le Foras na Gaeilge. Tréimhsí caite aige, ina óige, mar Thimire de chuid Conradh na Gaeilge agus mar Oifigeach Forbartha le hÓgras. Buaicphointe dó go raibh baint aige, i 1995, le bunú Gaelscoil Thaobh na Coille i nDeisceart Átha Cliath agus is ann atá sé mar Chathaoirleach fós.
Feargal Ó Cuilinn
Is ó Bhaile Átha Cliath é Feargal Ó Cuilinn, áit ar tógadh le Gaeilge é. Tá sé fostaithe mar Stiúrthóir ar an eagraíocht Comhluadar Teo. ó 2002 agus ina bhall de Choiste Stiúrtha An Foras Pátrúnachta na Scoileanna LánGhaeilge chomh maith. Duine de lucht bhunaithe Gaelscoil Bharra, Cabrach é agus Cathaoirleach na scoile sin ó 1997. Tá beirt iníon aige.
Daithí de Faoite
Is as Baile Átha Cliath é Daithí de Faoite ach tá cónaí air sna Solláin i gContae Chill Dara ó 1998. Is comhairleoir teicneolaíochta é Daithí le Hewlett Packard, bunaithe san ardoifig i Léim an Bhradáin. Tá Daithí mar chathaoirleach ar Rith, féile teanga atá bunaithe ar an bhféile Korrika i dTír na mBascach, áit go raibh cónaí ar Dhaithí ar feadh bliana i 1995. Tá Daithí gníomhach le grúpa pobail i dtuaisceart Chill Dara darb ainm Sult na Sollán - grúpa atá dírithe ar an nGaeilge, cultúr agus ceol tradisiúnta na hÉireann a chur chun cinn sa cheantar. Tá Daithí pósta le Amanda agus tá beirt pháistí óga acu.
Ciara Ní Mhaonaile
Is as Baile Buadáin, i mBaile Átha Cliath í Ciara. Múinteoir bunscoile is ea í agus faoi láthair tá sí ag múineadh i nGaelsoil Eiscir Riada i Leamhcán. Chaith sí seal ag obair mar Chomhairleoir don Ghaeilge leis an tSeirbhís Um Fhorbairt Ghairmiúil Do Bhunscoileanna. Le deich mbliana anuas tá sí mar bhainisteoir ar chúrsaí samhraidh de chuid Coláiste Na bhFiann. Tá sí ina ball de Lárchoiste Rith 2010.
Diarmaid Ua Bruadair
Is as Béal Feirste é Diarmaid Ua Bruadair agus tógadh i ar Ghaeltacht Bhóthar Seoighe é. D’fhreastail sé ar Bhunscoil Phobail Feirste sna luathbhlianta agus chuaigh sé leis an mhúinteoireacht mar ghairm. Chaith sé roinnt blianta ag obair mar oibrí forbartha sa Bhrásaíl, áit ar bhuail sé lena bhean, Alvina. Ar theacht ar ais go hÉirinn dó rinne sé máistreacht san obair shoisialta agus d’obair sé san earnáil seo i dtuaisceart Bhéal Feirste ar feadh tréimhse. Bhí an seomra ranga ag glaoch i gcónaí agus ghlac Diarmaid post mar mhúinteoir Staire i gColáiste Feirste, iarbhunscoil lánGhaeilge na cathrach, i 2001. Is múinteoir sinsearach anois sa scoil é agus é sáite i saol na Gaeilge i mBéal Feirste agus ar fud an oileáin. Tá triúr iníon aige agus iad á dtógáil le Gaeilge, Poirtingéilis agus Béarla. Is stiúrthóir é ar an eagraíocht carthanachta SERVE agus is bainisteoir é ar chúrsa samhraidh de chuid Coláiste na bhFiann i Ros Muc.
Peadar Mac Fhlannchadha
Tá Peadar mar Timire Náisiúnta agus Leas Ard Rúnaí Chonradh na Gaeilge. Is as Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe ó dhúchas agus gníomhach i ngach gné de shaol na Gaeilge le fada. Ag feidhmiú freisin mar Rúnaí Comhlachta Áras na nGael, 45 Sr. Doiminic agus ag plé le Club Áras na nGael san ionad céanna. Tá taithí faoi leith ag Peadar ag plé le cumainn agus pobail deonach ar fud na tíre agus spéis faoi leith aige i dtacaíocht a chur ar fáil do na grúpaí seo.
Máire Ní Annracháin
An tOllamh Máire Ní Annracháin, Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta, UCD. Céimí de chuid UCD; dochtúireacht ó UCC faoi stiúr Sheáin Uí Thama, le tráchtas ar fhilíocht Shomhairle MhicGill-Eain. Spéis aici le fada i litríocht Ghaeilge na hÉireann agus na hAlban. Chaith sí tráth mar chathaoirleach ar Ghlór na nGael agus ball freisin den Choimisiún Logainmneacha agus de bhord na n-iontaobhaithe i Sabhal Mor Ostaig ar an Oileán Scitheanach.
Marie Riney
Is as Tuath Ó Siosta i gCo. Chiarraí do Mharie ó dhúchas, ach tá cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath le dornán maith blianta. Múinteoir bunscoile is ea í, atá fillte ar an seomra ranga anois tar éis sé bliana ag obair leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) agus leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA). Is Cathaoirleach í ar Na Cnocadóirí, an club siúl sléibhe lonnaithe i mBaile Átha Cliath; tá sí ar choiste eagraithe na féile amhránaíochta Sean-Nós Cois Life, agus tá sí ina stiúrthóir ar Ghael Linn.