Ceisteanna Coitianta
Cén aidhm atá ag Rith?
Tá sé mar aidhm ag Rith labhairt na Gaeilge ag leibhéal pobail / áitiúil a thacú agus a spreagadh agus ceiliúradh a dhéanamh ar theanga agus cultúr na Gaeilge.
An mbeidh Rith ina féile bhliantúil?
Reáchtáilfear Rith in Éirinn gach dara bliain. Is é 2012 an dara féile de cuid Rith. Thosaigh sé in Éirinn sa bhlian 2010. Beidh an chéad Rith eile ar siúl i 2014.
An bhfuil Rith dírithe ar chainteoirí Gaeilge amháin?
Níl sé in aon chor! Tá Rith oscailte d’aon duine atá ag iarraidh páirt a ghlacadh. Is féidir le haon duine rith ag aon am. Tá fáilte roimh chách teacht isteach sa rith ag aon phointe agus freastal ar na himeachtaí a bheidh ar siúl thar an gcúrsa. Cuimhnigh nach gá duit a bheith i do chainteoir Gaeilge chun tacú leis an nGaeilge!
An gá dom ciliméadar a cheannach chun páirt a ghlacadh i Rith 2012?
Ní gá duit. Tá fáilte roimh gach duine rith ag an aon phointe den chúrsa. Is rogha bhreise í ciliméadar a cheannach chun éirí níos gafa trí rith chun tosaigh agus an bata a iompar.
An gá dom clárú chun rith nó an féidir liom teacht ar an lá?
Tá fáilte romhat teacht agus rith ar an lá gan clárú. Más maith leat rith chun tosaigh, áfach, ní mór duit ciliméadar a cheannach trí www.rith.ie. Iompróidh úinéir an chiliméadair an bata le grúpa/scoil/cairde ag barr an reatha. Gheobhaidh úinéir an chiliméadair dhá fholéine oifigiúla gur chóir do na daoine ag iompar an bhata a chaitheamh.
An stopann an imeacht san oíche?
Stopann, cinnte! Beidh an rith ag stopadh gach oíche nuair a bhainimid Club Rith amach, club na féile do Rith 2012 ag tosú arís an lá dár gcionn, ach níos faide síos an chúrsa. Tar éis don rith tosú i nGaoth Dóbhair , leanfaidh sé ag rith ó mhaidin go hoíche go sroicheann sé Inis Mór, Árainn 10 lá níos déanaí ar Lá Fhéile Phádraig 2012.
Cén buntáiste atá ann don Ghaeilge?
Tabharfaidh Rith 2012 an deis do phobail ar an gcúrsa an Ghaeilge a cheiliúradh. Glacfaidh grúpaí ar nós grúpaí pobail, clubanna spóirt, clubanna óige, scoileanna, grúpaí Gaeilge, daoine aonair agus gach éinne atá ag iarraidh a dtacaíocht a léiriú don Ghaeilge, páirt sa bhféile.
Beidh Rith 2012 ar siúl le linn Sheachtain na Gaeilge agus tá sé mar aidhm againn í a chomhlánú trí dhaoine a spreagadh chun freastal ar imeachtaí eagraithe thar an gcúrsa. Tabharfaidh Rith inspioráid do mhórán daoine in Éirinn, ó gach cúlra, an Ghaeilge a fhoghlaim nó a gcuid Gaeilge a fheabhsú tar éis na féile.
Ba mhaith liom eirí gafa. Cad ba chóir dom a dhéanamh?
Iontach! Tá go leor slite inar féidir leat cabhrú. Féach ar leathanach baile www.rith.ie agus roghnaigh ceann de na roghanna seo
Déan obair dheonach: Is féidir leat cabhrú i do bhaile nó contae féin nó cabhrú leis an bhfoireann an imeacht náisiúnta a eagrú
Ceannaigh ciliméadar: Is féidir leat féin é a rith, ina céad bhliain, nó is féidir leat roghnú gan é a rith – eagróimid duine éigin chun é a rith ar do shon!
Déan síntiús ar-líne: €5, €10 – is mór againn aon thacaíocht gur féidir leat a thabhairt
An mbeidh sé sábháilte rith ar na príomhbhóithre, ach go háirithe san oíche?
Tá sábháilteacht na reathaithe ar fad ríthábhachtach don fhoireann eagrúcháin. Foilseofar treoirleabhar sábháilteachta ar an suíomh idirlín níos gaire don am. Cuirfear an treoirleabhar chuig gach úinéir ciliméadair chomh maith. Foilseoidh Rith 2012 polasaí sábháilteachta ar gach gné den imeacht
- Beidh feithiclí oifigiúla ag taisteal leis an rith
- Beidh foireann maor ag taisteal leis an rith, ag bainistiú sábháilteacht na reathaithe
- Beidh gach reathaí ag rith taobh thiar de veain marcáilte & le soilse geala orthu
- Iarrtar ar reathaithe san oíche éadaí frithchaiteacha cuí a chaitheamh
- Ní bheidh cead ag páistí rith san oíche
- Tá Rith 2012 ag obair leis an PSNI agus An Garda Síochána faoi gach gné den rith, sábháilteacht agus bainistiú riosca san áireamh.
- Beidh otharcharr agus foireann de chuid an Oird Mhálta leis an rith ó thús go deireadh an chúrsa
- Tabharfar sonraí an reatha do gach comhairle contae agus do AA Roadwatch chun an pobal a choimeád ar an eolas faoi agus chun tiománaithe a spreagadh chun moilliú nuair atá siad ag teacht gar don rith.
An gá duit a bheith an-aclaí chun páirt a ghlacadh?
Is féidir leat pé fhaid go bhfuil tú féin compórdach leis a rith, mar sin níor chóir go mbeadh leibhéal ard aclaíochta tábhachtach má tá tú ag rith achar an-fada. Beidh luas an reatha níos lú ag dul trí bhailte agus shráidbhailte agus níos mó taobh amuigh de bhailte.
Cén luas a bheidh á dhéanamh ag reathaithe?
Beidh meánluas an reatha ag 9cm/u. Beidh sé níos moille ná seo i mbailte agus sráidbhailte agus níos tapúla lasmuigh de bhailte.
Cén teachtaireacht a bheidh istigh sa bhata?
Beidh teachtaireacht tacaíochta, scríofa ag Uachtarán na hÉireann, istigh sa bhata d’fhad an chúrsa ar fad. Léifear an teachtaireacht mar chuid de chlabhsúr an imeachta i gcathair na Gaillimhe ar Lá Fhéile Phádraig.
Cad a tharlaíonn má tá sé ag cur báistí?
Rithimid – Is í Éire í! Má tá an aimsir go holc ar fad (le sneachta mar shampla), bheadh seans ar bhonn sábháilteachta, go mbeadh orainn Rith a chur ar cheall
Cén fáth nach bhfuil gach ciliméadar ar fáil le ceannach ar an suíomh idirlín?
Tá formhór na gciliméadar i gcathracha, mbailte agus sráidbhailte curtha in áirithe do scoileanna, grúpaí pobail, clubanna spóirt, srl. Más maith leat ciliméadar atá curtha in áirithe a cheannach ar son scoile/grúpa, déan teagmháil le do chomhordaitheoir áitiúil tríd an rogha sin ar an suíomh idirlín ar an leathanach Ceannaigh Ciliméadar.
An mbeidh imeachtaí ar siúl do pháistí?
Beidh. Eagrófar clár iomlán imeachtaí do dhaoine fásta agus do pháistí thar an gcúrsa mar chuid de Sheachtain na Gaeilge. Foilseofar iad ar www.rith.ie.
An féidir le páistí achar beag a rith san imeacht?
Tá fáilte roimh pháistí rith i gceantair uirbeacha faoi mhaoirseacht dhian ó dhaoine fásta amháin. Moillíonn an rith síos go siúlóid tapaidh/rith mall ag dul trí bhailte agus téann sé níos tapúla lasmuigh den bhaile mór.
Cén fáth nach bhfuil Rith 2012 ag teacht go dtí mo bhaile?
Leag foireann eagrúcháin Rith 2012 an cúrsa amach. Leagfar amach cúrsa nua do Rith 2014 agus arís do Rith 2016, mar sin tá gach seans fós go sroichimid do bhaile sana blianta romhainn! Do 2012, b’fhiú smaoineamh faoi thuras a eagrú ó do bhaile go baile eile atá ar chúrsa Rith 2012 agus b’fhéidir fiú éirí gafa trí chiliméadar a cheannach ann!
An mbeidh Rith ann i 2013?
Ní bheidh! Tá sos de dhíth orainn! Beidh an chéad Rith eile ar siúl i rith Seachtain na Gaeilge, Márta 2014
Cé eagraíonn Rith 2012?
Foireann d’oibrithe deonacha a dteastaíonn uathu difríocht a dhéanamh agus an Ghaeilge a dhéanamh ábhartha do na glúinte le teacht! Tacaíonn Conradh na Gaeilge, Glor na nGael, Gael Linn, Seachtain na Gaeilge, Comhluadar and go leor eagraíochtaí eile a thacaíonn le agus a spreagann an Ghaeilge, le Rith 2012.
Cá dtéann an t-airgead a bhailítear?
Tá ciste airgid speisialta á chur ar bun mar gheall ar Rith. Úsáidfear an ciste seo chun tacú le tionscnaimh a spreagann úsáid na Gaeilge mar theanga phobail. Bainisteoidh coiste d’ionadaithe ó ghrúpaí tacaíochta Gaeilge éagsúla ag bainistiú chiste chuntasaigh seo. Leanfaidh an coiste scothchleachtas idirnáisiúnta d’eagraiochtaí carthanachta. Foilsíodh sonraí bhainistíocht agus feidhmiú an chiste ar www.rith.ie.
Cén bhealach a mholann Rith go mbaileoimid an t-airgead chun ciliméadar a cheannach?
Aon bhealach gur mhaith libh ach seo cúpla moladh daoibh:
- Mion-rith a eagrú i do scoil/club féin.
- Comórtas a eagrú agus an buaiteoir mar an duine a iompróidh an baitín do bhur gciliméadar.
- Le haghaidh scoileanna, cad faoi lá gan éide scoile?
- Agus má bhailíonn sibh níos mó airgid ná mar atá ag teastáil, smaoinigí faoi imeacht Ghaeilge a eagrú i do scoil/club thart ar am Rith.
- Beidh Rith 2012 ag scaipeadh cártaí urraíochta oifigiúla chun cabhrú le clubanna, scoileanna, srl an t-airgead cuí a bhailiú chun ciliméadar a cheannach. Cuirfear na cártaí urraíochta seo ar fáil ar ball sa bhliain.
Ar reáchtáil aon tír eile a leithéid d’imeacht?
Reáchtáil. Tá Éire ina tríú tír chun a leithéid d’imeacht teanga a reáchtáil. Thosaigh Korrika i dTír na mBascach i 1980 agus tá sé fós ag dul ar aghaidh 30 bliain níos déanaí le níos mó ná leath mhilliún duine ag glacadh páirte le blianta beaga anuas. Thosaigh Ar Redadag sa Bhriotáin i 2008 le níos mó ná 10,000 rannpháirtithe.