Céard é Rith 2012?
Is féile náisiúnta nua d'Éirinn é Rith 2012 a bheidh ar siúl ón 8-17 Márta 2012 mar cheann de phríomhimeachtaí Sheachtain na Gaeilge. Tá cúrsa 700km leagtha amach chun ollrith sealaíochta a dhéanamh, ag rith ó mhaidin go hoíche, ó Gaoth Dóbhair go Inis Mór, Árann thar 10 lá leis na míllte duine ag glacadh páirte ann thar 75 baile.
Beidh baitín sealaíochta lámh-dhearaithe speisialta le teachtaireacht folaithe istigh ann á iompar ag Rith 2012 ó thus go deireadh. Ag críoch an rith, léifear amach an teachtaireacht tacaíochta seo don Ghaeilge ar Lá Fhéile Phádraig in Inis Mór, Árann.
Má tá grúpa/scoil/cumann ag iarradh páirt a ghlacadh sa Rith, seilbh a ghlacadh ar an mbaitín, agus rith chun toaigh iarraimid orthu teacht i dteagmháil linn chun ciliméadar a cheannach.
Is féidir le haon duine rith ar aon chuid den chúrsa. Ní gá do duine aonair clárú linn, ach tá rogha ann do chiliméadar féin a cheannach - Leis an rogha seo, don ciliméadar seo den rith, rithfidh tú le do ghrúpa cairde chun tosaigh ar fad, le duine agaibh ag iompar an bhaitín!
Is slí nua é Rith 2012 chun teanga agus cultúr na Gaeilge a cheiliúradh go feiceálach i bpobail ar fud na hÉireann agus airgead á bhailiú d'fhorbairt na Gaeilge ag an am céanna.