Tá trí phraghas ar na gciliméadair
- €50 - Faoin tuath
- €100 - Imeall na mbailte
- €250 - Croílár na mbailte
- €20 - Club Rith (ar mhuileann coise ag oíche soisialta darb ainm Club Rith.) Beidh Club Rith éagsúl ann gach oíche i rith na féile
Má cheannaíonn tú ciliméadar, gheobhaidh tú:
- Ciliméadar faoi leith de Rith 2010 curtha ar fáil daoibh
- Ritheann tú chun tosaigh ar fad agus an baitín sealaíochta a iompar don chiliméadar sin
- 2 x Veist oifigiúil Rith 2010 don duine/bheirt a bheidh ag rith leis an mbaitín don chiliméadar
- Cead rith le do ghrúpa díreach taobh thiar den bhata le bratacha &rl
- Pacáiste eolais le sonraí go leor ann faoin gcúrsa, sábháileacht agus níos mó
- Bíonn d’ainm nó ainm do ghrúpa ar liosta na gciliméadar don gcondae sin
- Rogha an ciliméadar a cheannach agus go n-eagróidh Rith 2010 duine chun an ciliméadar a rith ar do shon
Ar an suíomh, feicfidh tú go bhfuil na ciliméadair…
Ar fail – Is féidir é a cheannach trí www.rith.ie
Tar i dteagmháil linn - Is féidir é a cheannach ach is gá dul i dteagmháil le comhordaitheoir an ohondae sin. Líon isteach an fhoirm ar www.rith.ie **
Díolta – Tá an ciliméadar sin faighte ag duine nó grúpa eile. Feicfidh tú ar an suíomh cé hiad!
Club Rith - Tá an ciliméadar sin ar fáil. Beidh an KM á rith i gClub Rith, oíche soisilata a tharlóidh gach oíche i rith na féile