-142 Laetha fágtha
Rith - An Baitín Sealaíochta

CÚRSA

View Full Btn

An Baitín Sealaíochta

Dearadh agus cruthaíodh an baitín sealaíochta, píosa darach portaigh na hÉireann, ag Brian Reardon agus Bradley Richards le haghaidh Rith 2010.

Is as Baile Átha Cliath do Bhrian Reardon ach tá cónaí air in Oran Mór, Co. na Gaillimhe. Tá Brian ag snoíodóireacht adhmaid agus troscán ina chuid ama shaoir le breis is deich mbliana. Le ceithre bliana anuas, tá Brian ag díriú ar shnoíodóireacht darach phortaigh agus tá cuid mhaith saothar coimisiúnaithe cruthaithe aige. Is féidir dul i dteagmháil le Brian ag oranbrian@yahoo.ie

Is as Cill Téagláin, Co. Chill Mhantáin do Bhradley Richards. Is é an príomhshiúinéir ag tionscadal adhmaid Bhaile Fearainn, Ráth Bhile, Co. Cheatharlaigh. Tá Bradley ag casadh adhmaid le cúig bliana anuas agus táispeántas déanta aige in iomaí comórtais.

Tá an baitín sealaíochta maisithe le fáinne airgid atá deartha ag an seodóir Brian de Staic, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí - www.briandestaic.com. Tá an fháinne granta le lógó Rith 2010 agus na focail "Rith 2010".

 

CARA LE RITH - LUCHT GHNÓ AG TACÚ LE RITH
CEANGAIL LE RITH 2010