-180 Laetha fágtha
Rith - An Korrika, Tír na mBascach

CÚRSA

View Full Btn

An Korrika, Tír na mBascach

Gach dara bliain i dTír na mBascach, bíonn imeacht darb ainm Korrika ag tacú le agus ag ardú feasachta do Bhascais. Is é an Korrika a spreag muid le Rith 2010 a chur ar bhun. Thosaigh an Korrika i 1980 agus ó shin, tá fás agus feabhas air ó ceann go ceann. Sa bhliain 2009, ghlac breis is 600,000 duine páirt thar 14 lá!

  

Cé gur thosaihg an chéad Korrika i 1980, gach dara bliain, bíonn rás le cúrsa difriúl leagtha amach acu, ach déantar iarracht i gcónaí cuairt a thabhairt ar chuid mhaith de na cúige stairiúil atá ag Euskal Herria. Leanann an rith gan stad, fiú amháin san oíche, agus glacann thart ar 600,00 duine páirt ann gach uair. Le airgead a bhailiú ar son a dteanga dúchais, díoltar gach ciliméadar do dhuine nó eagras, a rithfidh chun tosaigh ar an rith don gciliméadar úd. Iompraíonn an ceannaire seo baitín lámh-dearaithe speisialita, coinnithe ón gcéad rás a bhí acu, maisithe le bratach na mBascach nó an Ikurriña.

Díreach taobh thiar de ceannaire an ráis, iompraíonn lucht an ráis meirge le mana an ráis - Euskal Herria euskalduntzen. Ni ere bai! (Ag scaileadh scéal an teanga baiscise - mise freisin). Rithtear an rás le atmasféar spraoiúil, gan iomáiocht, le ceol agus gleadhradh, trí boithre lán le lucht féachana. I rith na féile, bíonn iomaí imeacht cultúrtha eagraithe chun Euskera, an teanga baiscise,  le tacaíocht an Acadamh Ríoga an teanga Baiscise.

Le cuairt a thabhairt ar shuíomh an Korrika, féach thíos
www.korrika.org


 

CARA LE RITH - LUCHT GHNÓ AG TACÚ LE RITH
CEANGAIL LE RITH 2010