Fáilte go leathanach Inis Mhóir
Bí Linn do chríoch Rith 2012 Lá Fhéile Pádraig ar Inis Mór, Árainn. Pacáiste turasóireacht ar fáil anseo.
Feicfidh tú thíos go bhfuil gach ciliméadair…
Ar fáil – Is féidir é a cheannach anseo
Tar i dteagmháil linn - Is féidir é a cheannach ach is gá dul i dteagmháil le comhordaitheoir Árainn ag arann@rith.ie trí cliceáil ar an cnapa "Tar i dteagmháil linn" thíos. Cén fáth go bhfuil ciliméadar curtha san áireamh? Toisc gur féile phobail é Rith, ba mhaith linn go mbeadh grúpaí pobail ag rith sna bailte níos mó ná daoine príobháideacha agus gnónna. Táimid ag súil gurb iad grúpaí ar an gcíneál seo a cheannóidh na ciliméadair seo: Scoileanna, Coláistí Tríú Léibhéil, Grúpaí Óige, Grúpaí Gaeilge, Grúpaí Ealaíon, Cumainn Spóirt, Gasóga &rl.
Díolta – Tá an ciliméadar sin faighte ag duine nó grúpa eile.
Má cheannaíonn tú ciliméadar, gheobhaidh tú:
- Ciliméadar faoi leith de Rith 2012 curtha ar fáil duit
- Ritheann tú chun tosaigh ar fad agus an baitín sealaíochta a iompar don chiliméadar sin
- 2 x Veist oifigiúil Rith 2012 don duine/bheirt a bheidh ag rith leis an mbaitín don chiliméadar
- Cead rith le do ghrúpa díreach taobh thiar den bhata le bratacha &rl
- Pacáiste eolais le sonraí go leor ann faoin gcúrsa, sábháileacht agus níos mó
- Bíonn d’ainm nó ainm do ghrúpa ar liosta na gciliméadar don gcondae sin
- Tá rogha an ciliméadar a cheannach agus go n-eagróidh Rith 2012 duine chun an ciliméadar a rith ar do shon